作词 : Traditional Tá bliain is níos mó agam ag éisteacht Le cogar doilíosach mo mheoin Ó casadh liom gra gheal mo chléibhe Tráthnóna beag déanach sa bhFómhar Bhí an bhó bhainne cumhra ag géimeach Is na héanlaith go meidhreach le cheol Is ar bhruach an t-srutháin ar leath-thaobh díom Bhí an cailín deas crúite na mbó Tá a súile mar lonradh na gréine Ag scaipeadh tré spéarthaibh an cheoidh Is is deirge a grua ná na caortha Ar lasadh i measc craobha na gcnoc Tá a béilín níos milse ná sméartha Is is gile ná leamhnacht a snó Níl óigbhean níos deise sa tsaol so Ná an cailín deas crúite na mbó Dá bhfaighinnse árd Tiarnas na hÉireann Éadacha, síoda is sróil Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde Dá bhfuil ar an dtalamh so beo Dá bhfaighinnse céad loingis mar spré dhom Píoláidi, caisleáin is ór Bfhearr liom bheith fán ar na sléibhte Lem chailín deas crúite na mbó Muna bhfuil sé i ndán dom bheith in éineacht Leis an spéirbhean ró-dhílis úd fós Is daoirseach, dubhrónach mo shaolsa Gan suaimhneas, gan éifeacht, gan treo Ní bheidh sólás im chroí ná im intinn Ná suaimhneas orm oíche ná ló Nó bhfeice mé taobh liom óna muintir Mo cailín deas crúite na mbó