D'éirigh mé ar maidin a tharraing chun aonaigh mhóir A dhíol 's a cheannacht mar dhéanfadh mo dhaoine romham Bhuail tart ar a' bhealach mé 's shuí mise síos a dh'ól 'S le Siún Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg A Shiún Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn? Mo bhrón 's mo mhilleadh má's miste liom tú 'bheigh i gcill Bróinte 's muilte bheith scileadh ar chúl do chinn Ach cead a bheith in Iorras go dtara síoi Éabh 'un cinn A Shiún Ní Dhuibhir 's tú bun agus barr mo scéil Ar mhná an cruinne go dtug sise 'n báire léi Le gile le finne le mais' is le dhá dtrian scéimh 'S nach mise 'n trua Mhuire bheith scaradh amárach léi Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh Planda 'n linbh a d'eitigh mo phósadh inné beir scéala uaim chuicí má thug mise póg dá béal Go dtabharfainn dí tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi "Beir scéala uaim chuige Go dearfa nach bpósaim é Ó chuala mise gur chuir sé Le bólacht mé Nuair nach bhfuil agamsa Maoin nó mórán spré Bíodh a rogha aige 'S beith mise 'r mo chomhairle féin" Bíodh a rogha aige 'S beith mise 'r mo chomhairle féin" Bíodh a rogha aige 'S beith mise 'r mo chomhairle féin" Bíodh a rogha aige 'S beith mise 'r mo chomhairle féin"