作词 : Traditional Tá scéilín na 'gam le h-insint dóibhse, Cúrsaí spóirt agus comhrá dí, & Uacute;ll breá gleoite do chuireas I mo phóca, ' S ni bhfuaras romham ach prátín síl. Curfa Ó mo thuirse mar shileann mo shúile, Indiadh an úll ud a bhí bréa buí, An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh, ' S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís. Do shiúlais Cléire agus Carraig Aonair, Cuanta Béara bhi romham sa tslí, Puinte na n Gréige 'gus na n Dorsaí Maola, An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi. Curfa Do shiúlais Cualach mar a bhíos buartha An pharoiste thuaidh a 's na h Adhraí, San oileán Muarseadh d'inis dom buachaill Nach bhfáilghinn a thuairisc go dtéinn thar snaidhm. Curfa Do shiúilíos Coíbh agus Baile na Móna, Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín, Soir ar a chósta sea d'inis domh stróinse, Go rabh sé 'na sheo acu ar Sráid Néidin. Curfa