[00:11.67]A phlúr na maighdean is úire gné [00:20.92]Fuair clú le scéimh ón Ádhamhchlainn [00:30.61]A chúil na bpéarla, a rún na héigse [00:40.37]A dhúblaíos féile is fáilte [00:51.65]A ghnúis mar ghréin le tús gach lae ghil [01:01.28]A mhúchas léan le gáire [01:10.78]'Sé an trua gan mé is tú, a shiúir, linn féin [01:20.09]Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte [01:31.96]Táim brúite i bpéin gan suan gan néall [01:41.01]De do chumha, a ghéag is áille [01:50.55]Is gur tó mo rogha i gCúigibh Éireann [02:00.44]Cúis nach séanam áthas de [02:11.45]Dá siúlfá, a réalta gan smúid, liom féin [02:21.30]Ba shúgach saor ár sláinte [02:30.75]Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh [02:40.30]Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte [02:53.07] [03:08.67]A shuairc-bhean tséimh na gcuachfholt péarlach [03:18.30]Gluais liom fhéin ar ball beag [03:26.76]Nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal [03:36.67]Ina suan faoi éadai bána [03:48.42]Ó thuaidh go mbeam i bhfad uatha araon [03:58.12]Teacht nuachruth gréine amárach [04:07.52]Gan ghuais le chéile in uaigneas aerach [04:16.99]San dún sin Chéin Mhic Cáinte [04:28.18]