Mo chara thu is mo chuid! A mharcaigh an chlaímh ghil, éirigh suas anois, cuir ort do chulaith éadaigh uasail ghlain, chuir ort do bhéabhar dubh, tarraing do lámhainní umat. Siúd í in airde t'fhuip; sin i do láir amuigh. Buail-se an bóthar caol úd soir mar a maolóidh romhat na toir, mar a gcaolóidh romhat na sruth, mar a n-umhlóidh romhat mná is fir...