作曲 : Traditional Seoithín seothó, Mo stór é mo leanabh Mo sheod gan chealg, Mo chuid den tsaol mór Seoithín seothó, Nach mór é an taitneamh Mo stóirín ina leaba Ina chodladh gan bhrón A leanbh, mo chléibh, Go n-éirí do chodladh leat Slán agus sonas A choíche 'do chomhair Seo beannacht Mhic Dé Agus téagar a Bhuime leat Téiríg a chodladh Gan bíogadh go ló Ar mhullach an tí Tá síoga geala Fá chaoin ré an earraigh Ag imirt a spóirt Is seo iad aniar Chun glaoigh ar mo leanbh Le mian é tharraingt Isteach sa lios mór Goirm tú, a chroí, Ní bhfaighfidh siad do mhealladh Le brí a gcleas Ná le binneas a gceoil Táimse led' thaoibh Ag guí ort na mbeannacht Seoithín, a leanbh, Ní himtheo' tú leo Seoithín seothó, Mo stór é mo leanabh Mo sheod gan chealg, Mo chuid den tsaol mór Seoithín seothó, Nach mór é an taitneamh Mo stóirín ina leaba Ina chodladh gan bhrón A leanbh, mo chléibh, Go n-éirí do chodladh leat Slán agus sonas A choíche 'do chomhair Seo beannacht Mhic Dé Agus téagar a Bhuime leat Téiríg a chodladh Gan bíogadh go ló Ós comhair mo lao, Go míochair ceanúil Tá díl-roisc aingeal Ag faire ina threo Le mór-ghrá dian Á iarraidh chun bealaigh Mar b'aoibhne flaithis Dá raghadh sé leo A stór mo chroí Luigh siar i do leaba Taobh le do Mham Is ea fanfair go fóill Ní mór liom do Dhia Mo shiamsa 'gus m'aiteas Mo riocht ar talamh I dteannta mo bhróid Seoithín seothó, Mo stór é mo leanabh Mo sheod gan chealg, Mo chuid den tsaol mór Seoithín seothó, Nach mór é an taitneamh Mo stóirín ina leaba Ina chodladh gan bhrón