Maidin Luan Chincíse labhar an síofra sa ngleann Do bhailíodar na cága chun ábhacht a dheanamh ann Do chruinníomar ina dtimpeall is do lasamar ár dtinte Is do thógamar ceo draíochta go haoibheann ós a gceann Is mó baile margaidh is cathair aoibhinn cheoil Agus cúirt agus na Sasanaigh chun seasamh ann 'n ár gcomhar Beir scéala cruinn abhaile uainn Dé Domhnaigh go dtí an Aifreann Gur chun sléibhe a chuireadh chun realta sinn 'n ár seasamh ins an gleo Do tháinig aniar ó Chonnacht chughainn céad is mile laoch An oiread céanna ó Ulaidh chughainn i bhfoirm cheart 'is i bhfaobhar Suaimhneas lae níor tugadh dóibh gur bhuaileamar bualadh 'is fiche orthu Mo léan mar sileadh fuil 'is coirp ár bhfear i ndeireadh lae Beir scéala suas chun Mumhan uainn a run ghil 's a stór Agus inis an scéal faoi chumha dhóibh go bhfuil an sciúirse 'nár gcomhar Is mó leanbh fireann fionn geal agus ainnir mhilis mhúinte Is ógfhear cliste lúfar san úir uainn ag feo Mo léan ar an Mumhain nár éirigh nuair d'adhnamar an gleo Faoi airm ghreanta ghreadhnmhar i bhfagairt acu 'nár gcomhar D'fhágadar go tréith sinn is neart ár namhad 'nár dtimpeall Ach grá mo chroí na Laighnigh b'iad d'adhain an tine leo 1