Is cosúil gur mheath tú Nó gur thréig tú an greann Tá an sneachta go frasach Fá bhéal na mbeann Do chúl buí daite is do bhéilín sámh Siúd chugaibh Mary Chinidh is Í i ndiaidh an Éirne shnámh 'A mháithrín mhilis Dúirt Máire Bhán Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trá 'Maighdean mhara mo mháithrín ard Siúd chugaibh Mary Chinidh is Í i ndiaidh an Éirne 'shnámh Tá mise tuirseach agus beidh go lá Mo Mháire bhruinneall is mo Phádraig bán Ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne 'shnámh Ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne 'shnámh